16 Ansin tháinig beirt mheirdreach go dtí an rí agus sheasadar ina láthair.
17 Dúirt duine de na mná: “A thiarna liom, táimse agus an bhean seo ag cur fúinn san aon teach amháin; rugadh mac domsa agus ise sa teach.
18 Ansin tharla, ar an tríú lá tar éis breith mo linbh dom, gur rug an bhean seo mac chomh maith; agus bhíomar linn féin, gan aon duine eile farainn sa teach ach lán na beirte againn amháin sa teach.
19 Ansin, aon oíche amháin, fuair mac na mná seo bás mar gur luigh sí air.
20 Agus d'éirigh sí meán oíche, agus thóg mo mhacsa ó mo chliathán agus d'ionailt ina codladh, agus chuir chuici ina hucht é agus chuir a mac marbh chugamsa i m'uchtsa.
21 Nuair a d'éirigh mé (ar maidin) chun an chíoch a thabhairt do mo leanbh, b'shin é ansiúd marbh é. Ach d'fhéach mé air go cáiréiseach ar maidin, agus níorbh é an mac a rugadh dom ar aon chor é.”
22 Ach labhair an bhean eile: “Éitheach,” ar sise, “liomsa an leanbh beo, leatsa an marbh.” “Ní mar sin atá,” arsa an chéad bhean, “leatsa an marbh, liomsa an leanbh beo.” Sin mar a bhíodar ag aighneas i bhfianaise an rí.