20 Agus d'éirigh sí meán oíche, agus thóg mo mhacsa ó mo chliathán agus d'ionailt ina codladh, agus chuir chuici ina hucht é agus chuir a mac marbh chugamsa i m'uchtsa.
21 Nuair a d'éirigh mé (ar maidin) chun an chíoch a thabhairt do mo leanbh, b'shin é ansiúd marbh é. Ach d'fhéach mé air go cáiréiseach ar maidin, agus níorbh é an mac a rugadh dom ar aon chor é.”
22 Ach labhair an bhean eile: “Éitheach,” ar sise, “liomsa an leanbh beo, leatsa an marbh.” “Ní mar sin atá,” arsa an chéad bhean, “leatsa an marbh, liomsa an leanbh beo.” Sin mar a bhíodar ag aighneas i bhfianaise an rí.
23 Ansin labhair an rí agus dúirt: “Deir bean acu: ‘An leanbh beo mo mhacsa; tá do mhacsa marbh,’ agus deir an bhean eile: ‘Éitheach! Do mhacsa an marbh; liomsa an leanbh beo.’
24 Tabhair chugam claíomh,” arsa an rí agus tugadh claíomh i láthair an rí.
25 “Roinnigí an leanbh beo ina dhá chuid,” arsa an rí, “agus tugaigí a leath do bhean acu agus a leath don bhean eile.”
26 Ansin, an bhean ar léi an leanbh beo, labhair sí leis an rí mar bhí a croí á shnoí inti le trua dá mac: “Tabhair di an leanbh beo, le do thoil, a thiarna,” ar sí, “agus ná déan é a mharú ar aon chor.” Ach dúirt an bhean eile: “Ná bíodh sé agamsa ná agatsa, ach roinn é.”