6 D'fhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m'athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.
7 Agus anois, a Thiarna, a Dhia liom, tá rí déanta agat díomsa, do shearbhónta, mar chomharba ar Dháiví, m'athair. Ach níl ionam ach ógfhear gan oiliúint mar threoraí.
8 Tá do shearbhónta i measc an phobail seo atá tofa agat, pobal atá chomh hiomadúil sin nach féidir a líon a áireamh ná a mheas.
9 Tabhair do do shearbhónta croí tuisceanach le do phobal a rialú, chun an mhaith a aithint thar an olc; óir cé a d'fhéadfadh a bheith i gceannas ar an bpobal seo agat atá chomh líonmhar sin?”
10 Ábhar sásaimh ab ea é don Tiarna gur iarr Solamh a leithéid seo.
11 Dúirt an Tiarna leis: “Dé bhrí gurb é seo an rud a d'iarr tú agus nach fad saoil duit féin a d'iarr tú, ná saibhreas, ná bás do naimhde, ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt,
12 déanaim duit ar an toirt mar a d'iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.