10 Sháraigh eagna Sholaimh eagna mhuintir an Oirthir go léir agus eagna na hÉigipte.
11 Ba eagnaí é ná aon duine eile, ba eagnaí é ná Éatán an tEazráchach, agus ná Héamán ná Calcol ná Darda, clann mhac Mháchól. Leath a cháil i measc na gciníocha go léir máguaird.
12 Chum sé trí mhíle seanfhocal, agus ba mhíle agus a cúig líon a dhuanta.
13 Thrácht sé thar chrainn ón gcéadar sa Liobáin go dtí an íosóip a fhásann ar an mballa; thrácht sé thar ainmhithe agus thar éin, thar phéisteanna agus thar iasc.
14 Tháinig daoine ó gach cine chun éisteacht le heagna Sholaimh, agus ó ríthe uile an domhain a chuala faoina eagna.
15 Chuir Híorám rí na Tuíre toscaireacht ag triall ar Sholamh nuair a chuala sé gur ungadh é ina rí i gcomharbacht ar a athair mar ba chara riamh é Híorám do Dháiví.
16 Agus sheol Solamh an teachtaireacht seo go dtí Híorám: