12 Chum sé trí mhíle seanfhocal, agus ba mhíle agus a cúig líon a dhuanta.
13 Thrácht sé thar chrainn ón gcéadar sa Liobáin go dtí an íosóip a fhásann ar an mballa; thrácht sé thar ainmhithe agus thar éin, thar phéisteanna agus thar iasc.
14 Tháinig daoine ó gach cine chun éisteacht le heagna Sholaimh, agus ó ríthe uile an domhain a chuala faoina eagna.
15 Chuir Híorám rí na Tuíre toscaireacht ag triall ar Sholamh nuair a chuala sé gur ungadh é ina rí i gcomharbacht ar a athair mar ba chara riamh é Híorám do Dháiví.
16 Agus sheol Solamh an teachtaireacht seo go dtí Híorám:
17 “Tá a fhios agat nach raibh ar chumas Dháiví m'athair teach a thógáil d'ainm an Tiarna a Dhia, mar go raibh cogadh á chur ag a naimhde air ó gach taobh nó gur bhrúigh an Tiarna faoina chois iad.
18 Ach tá suaimhneas tugtha dom ag an Tiarna mo Dhia ar gach taobh, gan namhaid agam ná tubaiste.