1 Ríthe 5:19-25 ABN

19 Tá sé beartaithe agam dá bhrí sin teach a thógáil d'ainm an Tiarna mo Dhia, faoi mar a dúirt an Tiarna le Dáiví m'athair - ‘Do mhac, an té a chuirfidh mé ina shuí i do ríchathaoir i d'áit, eisean a thógfaidh an teach do m'ainm.’

20 Cuir céadair na Liobáine á ngearradh dom; déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse, agus díolfaidh mise tuarastal do shearbhóntaíse leat de réir cibé ráta a shocróidh tusa. Níl aon duine againne chomh hoilte ar leagan crann agus atá na Síodónaigh, mar is eol duit.”

21 Nuair a chuala Híorám a raibh ráite ag Solamh, bhí gliondar air, agus dúirt: “Moladh leis an Tiarna inniu,” ar sé, “a thug mac eagnaí do Dháiví le bheith i gceannas ar an gcine mór seo.”

22 Agus chuir Híorám scéala go dtí Solamh: “Fuair mé do theachtaireacht; táimse sásta a bhfuil uait de chrainn chéadair agus cufróige a sholáthar.

23 Tabharfaidh [do] shearbhóntaí síos chun na farraige iad ón Liobáin, agus cuirfidh mé á dtarraingt ar cheann téide ar farraige iad go dtí cibé áit a déarfaidh tú; leagfaidh mé ansiúd iad agus beidh siad agatsa. Maidir leatsa, déanfaidh tú lón a sholáthar do mo theaghlach de réir mar a iarrfaidh mé.”

24 Rinne Híorám a raibh d'adhmad céadair agus cufróige ag teastáil ó Sholamh a sholáthar dó,

25 agus thug Solamh fiche míle tomhas cruithneachta do Híorám mar bhia dá theaghlach, agus fiche míle tomhas d'ola ghlan. Thug Solamh an méid sin do Híorám bliain i ndiaidh na bliana.