25 agus thug Solamh fiche míle tomhas cruithneachta do Híorám mar bhia dá theaghlach, agus fiche míle tomhas d'ola ghlan. Thug Solamh an méid sin do Híorám bliain i ndiaidh na bliana.
26 Thug an Tiarna eagna mar a gheall sé do Sholamh. Bhí cairdeas idir Híorám agus Solamh agus rinneadar conradh lena chéile beirt.
27 Rinne Solamh rí meitheal saothair éigeantaigh a thobhach ar Iosrael go léir; tríocha míle fear líon na meithle.
28 Chuir sé iad seo chun na Liobáine ar a n‑uain, deich míle sa mhí. Chaithidís mí sa Liobáin agus dhá mhí sa bhaile. Bhí Adoiníreám i gceannas na meithle.
29 Bhí seachtó míle de lucht iompair agus ceithre fichid míle de lucht gearrtha cloch ag Solamh sna sléibhte,
30 agus, ina dteanntasan, saoistí na bhfeidhmeannach a bhí i bhfeighil na hoibre, trí mhíle trí chéad díobh i gceannas na bhfear a bhí i mbun na hoibre.
31 Ar ordú an rí bhaineadar clocha móra suaitheantasacha chun máithreacha an Teampaill a leagan le clocha gearrtha.