29 Bhí seachtó míle de lucht iompair agus ceithre fichid míle de lucht gearrtha cloch ag Solamh sna sléibhte,
30 agus, ina dteanntasan, saoistí na bhfeidhmeannach a bhí i bhfeighil na hoibre, trí mhíle trí chéad díobh i gceannas na bhfear a bhí i mbun na hoibre.
31 Ar ordú an rí bhaineadar clocha móra suaitheantasacha chun máithreacha an Teampaill a leagan le clocha gearrtha.
32 Rinne saoir Sholaimh agus saoir Híorám agus na Gibligh an t‑adhmad agus na clocha do thógáil an Teampaill a ghearradh agus a bhailiú.