3 deich ndamh biata, fiche damh féaraigh, céad caora chomh maith le fianna agus eilití agus ruabhoic, agus cuacha biata.
4 Óir bhí sé i gceannas ar an dúiche go léir laistiar den Eofrataes, ar na ríthe go léir laistiar den Eofrataes, ó Thifseá go Gazá, agus bhí síocháin aige ar gach teorainn máguaird.
5 Agus mhair Iúdá agus Iosrael gan bhaol ó Dhán go Béar Seaba, gach duine faoi scáth a fhíniúna agus a chrann figí, fad a mhair Solamh.
6 Bhí [ceithre] mhíle mainséar agus dhá mhíle dhéag capall ag Solamh dá charbaid.
7 Rinne na reachtairí sin bia a sholáthar do Sholamh agus dóibh siúd go léir dár thug sé cuireadh go bord an rí Solamh, gach reachtaire ar feadh míosa; rinneadar deimhin de nach mbeadh aon ní in easnamh.
8 Rinneadar freisin an eorna agus an easair a sholáthar don eachra agus do na capaill iompair san áit inar ghá sin, gach duine díobh ar a sheal.
9 Thug an Tiarna eagna agus tuiscint thar chuimse do Sholamh agus croí chomh fairsing le gaineamh na trá.