4 Óir bhí sé i gceannas ar an dúiche go léir laistiar den Eofrataes, ar na ríthe go léir laistiar den Eofrataes, ó Thifseá go Gazá, agus bhí síocháin aige ar gach teorainn máguaird.
5 Agus mhair Iúdá agus Iosrael gan bhaol ó Dhán go Béar Seaba, gach duine faoi scáth a fhíniúna agus a chrann figí, fad a mhair Solamh.
6 Bhí [ceithre] mhíle mainséar agus dhá mhíle dhéag capall ag Solamh dá charbaid.
7 Rinne na reachtairí sin bia a sholáthar do Sholamh agus dóibh siúd go léir dár thug sé cuireadh go bord an rí Solamh, gach reachtaire ar feadh míosa; rinneadar deimhin de nach mbeadh aon ní in easnamh.
8 Rinneadar freisin an eorna agus an easair a sholáthar don eachra agus do na capaill iompair san áit inar ghá sin, gach duine díobh ar a sheal.
9 Thug an Tiarna eagna agus tuiscint thar chuimse do Sholamh agus croí chomh fairsing le gaineamh na trá.
10 Sháraigh eagna Sholaimh eagna mhuintir an Oirthir go léir agus eagna na hÉigipte.