1 Sa bhliain ceithre chéad agus a hochtó tar éis do na hIosraelaigh teacht amach as an Éigipt, sa cheathrú bliain de réimeas Sholaimh ar Iosrael, i mí Zif, an dara mí is é sin, thosaigh sé ar Theampall an Tiarna a thógáil.
2 An Teampall a thóg Solamh don Tiarna, bhí sé trí fichid banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus cúig bhanlámh fichead ar airde.
3 Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an Teampaill agus deich mbanlámh ar leithead ar feadh fhad an Teampaill.
4 Rinne sé fuinneoga don Teampall le frámaí agus [cliatha].
5 Thóg sé breis le taobh bhalla an Teampaill (timpeall bhallaí an Teampaill), timpeall an halla agus an tsanctóra istigh, agus rinne sé seomraí cliathánacha timpeall ar fad.
6 Bhí an stór íochtarach cúig bhanlámh ar leithead, an ceann láir sé bhanlámh, agus an tríú ceann seacht mbanlámh, mar bhí taobhrianta curtha leis an Teampall lasmuigh aige i dtreo nach mbeadh na cearchaillí i ngreim i mballaí an Teampaill.