10 Chuir sé an bhreis ar feadh fhad an Teampaill go léir, bhí [gach stór] cúig bhanlámh ar airde agus bhí siad greamaithe den Teampall le bíomaí céadair.
11 Tháinig briathar an Tiarna chun Solaimh:
12 “An teach seo atá á thógáil agat... má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú m'aitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do d'athair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh.
13 Agus déanfaidh mé cónaí i measc chlann Iosrael agus ní thréigfidh mé Iosrael mo phobal.”
14 Thóg Solamh an Teampall agus chríochnaigh é amhlaidh sin.
15 Chuir sé líneáil d'adhmad céadair laistigh le ballaí an Teampaill, á gclúdach le hadhmad laistigh ó urlár an Teampaill go dtí fraitheacha an dín, agus leag sé cláir chufróige ar urlár an Teampaill.
16 An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa.