12 “An teach seo atá á thógáil agat... má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú m'aitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do d'athair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh.
13 Agus déanfaidh mé cónaí i measc chlann Iosrael agus ní thréigfidh mé Iosrael mo phobal.”
14 Thóg Solamh an Teampall agus chríochnaigh é amhlaidh sin.
15 Chuir sé líneáil d'adhmad céadair laistigh le ballaí an Teampaill, á gclúdach le hadhmad laistigh ó urlár an Teampaill go dtí fraitheacha an dín, agus leag sé cláir chufróige ar urlár an Teampaill.
16 An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa.
17 Bhí daichead banlámh i dtomhas an Teampaill - an halla, os comhair an tsanctóra laistigh.
18 Bhí adhmad céadrais timpeall an Teampaill laistigh agus é greanta le hornáidí cnapán agus cnotaí, gan cloch le feiceáil ach adhmad céadrais ar fad.