18 Bhí adhmad céadrais timpeall an Teampaill laistigh agus é greanta le hornáidí cnapán agus cnotaí, gan cloch le feiceáil ach adhmad céadrais ar fad.
19 Sa chuid is faide isteach den Teampall d'ullmhaigh sé an sanctóir istigh le áirc chonradh an Tiarna a chur ann.
20 Bhí an sanctóir istigh fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead agus fiche banlámh ar airde, agus chuir sé cumhdach d'ór fíre air. Rinne sé altóir chomh maith d'adhmad céadair.
21 Rinne Solamh an Teampall a chumhdach laistigh le hór fíre, agus chuir sé slabhraí óir trasna os comhair an tsanctóra agus rinneadar é a chumhdach le hór.
22 Rinne sé an Teampall go léir a chumhdach le hór, an Teampall go léir bun barr (agus chumhdaigh sé altóir an tsanctóra istigh go léir le hór).
23 Rinne sé dhá cheiribín d'adhmad olóige sa sanctóir. Bhí an chéad cheiribín deich mbanlámh ar airde.
24 Bhí sciathán den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad, agus an sciathán eile den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad; bhí sé deich mbanlámh ó rinn sciatháin go dtí rinn sciatháin eile.