23 Rinne sé dhá cheiribín d'adhmad olóige sa sanctóir. Bhí an chéad cheiribín deich mbanlámh ar airde.
24 Bhí sciathán den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad, agus an sciathán eile den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad; bhí sé deich mbanlámh ó rinn sciatháin go dtí rinn sciatháin eile.
25 Bhí deich mbanlámh chomh maith i dtomhas an cheiribín eile; bhí an tomhas céanna, agus an déanamh céanna, acu araon.
26 Deich mbanlámh airde ceiribín díobh, agus ba mhar a chéile é ag an gceann eile.
27 Chuir sé na ceiribíní i lár an tseomra inmheánaigh; bhí a sciatháin ar leathadh ionas gur bhain sciathán cinn acu le balla, agus gur bhain sciathán cinn eile leis an mballa eile; agus gur theagmhaigh an dá sciathan eile lena chéile i lár an tseomra.
28 Chuir sé cumhdach óir ar na ceiribíní.
29 Rinne sé ballaí an teampaill go léir sa seomra istigh agus amuigh a bhreacadh le híomhánna greanta de cheiribíní, de chrainn phailme, agus de chnotaí;