25 Bhí deich mbanlámh chomh maith i dtomhas an cheiribín eile; bhí an tomhas céanna, agus an déanamh céanna, acu araon.
26 Deich mbanlámh airde ceiribín díobh, agus ba mhar a chéile é ag an gceann eile.
27 Chuir sé na ceiribíní i lár an tseomra inmheánaigh; bhí a sciatháin ar leathadh ionas gur bhain sciathán cinn acu le balla, agus gur bhain sciathán cinn eile leis an mballa eile; agus gur theagmhaigh an dá sciathan eile lena chéile i lár an tseomra.
28 Chuir sé cumhdach óir ar na ceiribíní.
29 Rinne sé ballaí an teampaill go léir sa seomra istigh agus amuigh a bhreacadh le híomhánna greanta de cheiribíní, de chrainn phailme, agus de chnotaí;
30 agus rinne sé urlár an Teampaill a chumhdach le hór sa seomra istigh agus amuigh.
31 Don bhealach isteach sa sanctóir rinne sé doirse d'adhmad olóige, le [hursaineacha cúigshleasacha],