4 Rinne sé fuinneoga don Teampall le frámaí agus [cliatha].
5 Thóg sé breis le taobh bhalla an Teampaill (timpeall bhallaí an Teampaill), timpeall an halla agus an tsanctóra istigh, agus rinne sé seomraí cliathánacha timpeall ar fad.
6 Bhí an stór íochtarach cúig bhanlámh ar leithead, an ceann láir sé bhanlámh, agus an tríú ceann seacht mbanlámh, mar bhí taobhrianta curtha leis an Teampall lasmuigh aige i dtreo nach mbeadh na cearchaillí i ngreim i mballaí an Teampaill.
7 (Tógadh an Teampall de chlocha a gearradh sa choiréal i dtreo nach raibh fuaim casúir ná tua ná uirlis iarainn le clos sa Teampall fad bhí sé á thógáil.)
8 Bhí an doras chun an stóir íochtaraigh ag cúinne deas an Teampaill, agus bhí staighre suas chun an stór láir agus ón stór láir arís go dtí an tríú stór.
9 Thóg sé an Teampall, chríochnaigh é, agus chuir díon air le fraitheacha agus cláracha d'adhmad céadair.
10 Chuir sé an bhreis ar feadh fhad an Teampaill go léir, bhí [gach stór] cúig bhanlámh ar airde agus bhí siad greamaithe den Teampall le bíomaí céadair.