14 Ba mhac baintrí de threibh Naftáilí é, lán de thuiscint agus an-eolgaiseach i mbun déantúis chré-umha. Tháinig sé chuig Solamh agus rinne an obair seo go léir dó:
15 Rinne sé dhá cholún chré-umha a theilgean; bhí colún díobh ocht mbanlámh déag ar airde, agus dorú dhá bhanlámh déag ar fad a thug a thomhas timpeall; ba é an scéal céanna é ag an dara colún.
16 Rinne sé dhá mhullach de chré-umha teilgthe do bharr na gcolún; bhí mullach díobh cúig bhanlámh ar airde, agus an ceann eile cúig bhanlámh.
17 Agus [rinne sé dhá] fhíolagrán mar chumhdach ar mhúnláil an dá mhullach ar na colúin, fíolagrán do mhullach agus fíolagrán eile don mhullach eile.
18 Rinne sé pomagránaití chomh maith, dhá shraith díobh timpeall gach fíolagráin,
19 ceithre chéad díobh ar fad,
20 greamaithe den mhúnláil chrochta ar chúl an fhíolagráin; bhí dhá chéad pomagránait timpeall ar mhullach, agus an líon céanna timpeall ar an mullach eile.