21 Ar chuma blátha a bhí na mullaí ar bharr na gcolún.
22 Sheas sé na colúin os comhair phóirse an tsanctóra; chuir sé colún ar dheis ar ar thug sé Iáicín, agus colún ar chlé ar ar thug sé Boaz.
23 Ba shin an clabhsúr ar shaothar na gcolún.
24 Ansin rinne sé an mhuir de mhiotal leáite, deich mbanlámh ó chiumhais go ciumhais, déanamh cruinn uirthi agus í cúig bhanlámh ar airde; dorú tríocha banlámh ar fhad a thomhais a himlíne.
25 Timpeall uirthi go léir faoina ciumhais bhí cnapáin; ghabhadar timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh; bhí na cnapáin ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile.
26 Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n‑aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n‑aghaidh siar, trí cinn agus a n‑aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n‑aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthu sin, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile.
27 Bhí sí dorn ar tiús, agus ba ar chuma ciumhais cupáin a bhí a ciumhais, mar bhláth lile. Bhí lán dhá mhíle folcadán inti.