26 Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n‑aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n‑aghaidh siar, trí cinn agus a n‑aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n‑aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthu sin, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile.
27 Bhí sí dorn ar tiús, agus ba ar chuma ciumhais cupáin a bhí a ciumhais, mar bhláth lile. Bhí lán dhá mhíle folcadán inti.
28 Rinne sé deich seastán cré-umha; bhí gach seastán ceithre bhanlámh ar fhad, ceithre bhanlámh ar leithead, agus trí bhanlámh ar airde.
29 Mar seo a tógadh iad: bhí creatlach fúthu agus trasnáin ar an gcreatlach.
30 Ar thrasnáin an chreatlaigh bhí leoin, agus tairbh, agus ceiribíní, agus ar bharr an chreatlaigh bhí teannta; thíos faoi na leoin agus na daimh bhí fleasca fiartha.
31 Bhí ceithre roth cré-umha agus ceithre fhearsaid chré-umha faoi gach seastán, agus ag na cúinní bhí teanntaí don bháisín, agus teilgeadh iad sin le fleasca ar a gcliatháin.
32 Ba é tomhas a bhéil, ón mball inar tháinig na teanntaí le chéile go dtí a bharr, banlámh go leith. Bhí a bhéal cruinn, ar aon dul le taca faoi áras, agus ar an mbéal bhí íomhánna greanta. Ní cruinn a bhí na trasnáin, ach dronuilleogach.