35 Bhí ceithre theannta ag ceithre chúinne gach seastáin, agus ba d'aon phíosa na teanntaí agus na seastáin.
36 Ar bharr an tseastáin bhí taca, déanamh cruinn air, agus é leathbhanlámh ar airde; ar bharr an tseastáin bhí a theanntaí agus a thrasnáin d'aon phíosa leis.
37 Ar dhromchla a theanntaí agus a thrasnáin, rinne sé ceiribíní agus leoin agus crainn phailme a ghreanadh, de réir mar a bhí slí do gach ceann, agus fleasca ina dtimpeall.
38 Mar sin is ea a rinne sé na deich seastáin; teilgeadh iad go léir mar a chéile, an tomhas céanna agus an cruth céanna.
39 Agus rinne sé deich mbáisíní cré-umha; bhí lán daichead folcadán i ngach báisín; bhí ceithre bhanlámh i dtomhas gach báisín, báisín do gach seastán de na deich gcinn.
40 Chóirigh sé na báisíní, cúig cinn ar thaobh deas an Teampaill agus cúig cinn ar a thaobh clé, agus chuir sé an mhuir ar thaobh deas an Teampaill, sa chúinne thoir theas.
41 Rinne Híorám na luaithreáin chomh maith, na sluaistí agus na babhlaí. Chuir sé críoch mar sin leis an saothar go léir a rinne sé do Sholamh rí ar Theampall an Tiarna: