43 an ceithre chéad pomagránait don dá shraith fíolagráin; bhí na pomagránaití ar gach ceann de na fíolagráin ina dhá sraith (leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach);
44 na deich seastáin agus na deich mbáisíní ar na seastáin;
45 an aon mhuir agus an dá dhamh déag faoin muir;
46 na luaithreáin, na sluaistí, agus na babhlaí. Ba de chré-umha líofa na gréithe seo go léir a rinne Híorám do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna.
47 Rinne sé iad trí [ghaineamhtheilgean] i ndúiche na Iordáine idir Sucót agus Záratán.
48 D'fhág Solamh na hárais go léir gan meá, mar bhí an oiread sin díobh ann; níor tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha.
49 Chuir Solamh na gréithe go léir a rinne sé i dTeampall an Tiarna: an altóir óir, an bord óir do bhuilíní na láithreachta;