49 Chuir Solamh na gréithe go léir a rinne sé i dTeampall an Tiarna: an altóir óir, an bord óir do bhuilíní na láithreachta;
50 na coinnleoirí d'ór fíre, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé os comhair an tsanctóra; na bláthanna ornáideacha, na lóchrainn agus an teanchair, d'ór;
51 na cuacha, na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, agus na túisteáin, d'ór fíre; ceapa doirse d'ór do dhoirse an tsanctóra, an áit shárnaofa is é sin, agus do dhoirse halla an Teampaill.
52 Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Solamh a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall an Tiarna.