1 Ríthe 8:44-50 ABN

44 tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, agus deonaigh gach a n‑iarrfaidh an strainséir agus é ag glaoch chugat, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d'ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d'ainm ar an Teampall seo a thóg mé.

45 “Má théann do phobal chun cogaidh in aghaidh a naimhde, cibé bealach ar a seolfaidh tú iad, agus má chasann siad i dtreo na cathrach a thogh tú agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm, agus guí chun an Tiarna,

46 tabhair cluas ó na flaithis dá n‑impí agus dá n‑achainí, agus seas leo.

47 “Má pheacaíonn siad i d'aghaidh - mar níl duine beo nach ndéanann peaca - agus go dtiocfaidh fearg ort chucu agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfar chun siúil iad mar dhaoir go tír a namhad i gcéin nó i gcóngar;

48 má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: ‘Pheacaíomar, rinneamar an t‑olc agus an peaca,’

49 agus má iompaíonn siad ar ais chugat ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, i dtír a naimhde, an mhuintir a rug leo ina ndaoir iad, agus má chuireann siad achainí chugat agus a n‑aghaidh i dtreo na tíre a thug tú dá sinsir, i dtreo na cathrach a thogh tú, agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm,

50 tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh (agus éist lena n‑achainí agus lena n‑impí agus seas leo).