1 Nuair a bhí deireadh déanta ag Solamh ag togáil Theampall an Tiarna, agus an pháláis, agus gach ar mhian leis a thógáil,
2 thaispeáin an Tiarna é féin arís do Sholamh faoi mar a thaispeáin sé é féin dó i nGibeón.
3 Dúirt an Tiarna leis: “D'eist mé le d'urnaí agus leis an achainí a rinne tú os mo chomhair. Choisric mé an teach seo a thóg tú, agus chuir mé m'ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.
4 Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair le glaine chroí agus le hionracas, mar a rinne Dáiví d'athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna,
5 daingneoidh mé do ríchathaoir os cionn Iosrael go deo, faoi mar a gheall mé do Dháiví d'athair á rá: ‘Ní bheidh tú riamh gan fear i ríchathaoir Iosrael.’
6 Ach má iompaíonn sibh féin uaim agus gan mé a leanúint, nó bhur gclann mhac, agus nach gcoimeádfaidh sibh na haitheanta ná na reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,
7 ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir.