13 “Cén sórt cathracha iad sin a thug dom, a bhráthair?” ar sé. Agus go dtí an lá inniu féin tugtar “Tír Cábúl” (Gan Mhaith) orthu.
14 Chuir Híorám céad agus fiche tallann airgid chun an rí.
15 Seo cur síos ar an saothar éigeantach a rinne Solamh a thobhach do thógáil Teampall an Tiarna, a phálás féin, an Mileo, balla Iarúsailéim, Hazór, Migideo, Geizir
16 (ghabh Forann rí na hÉigipte suas agus ghabh sé Geizir, chuir sé trí thine é agus bhásaigh a raibh de Chanánaigh ina gcónaí ann; ansin thug sé an chathair mar spré dá iníon, bean Sholaimh.
17 Rinne Solamh Geizir a atógáil), Béit Horon Íochtarach,
18 agus Bálat agus Támár san fhásach in Iúdá,
19 agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach arbh áil le Solamh a thógáil in Iarúsailéim, sa Liobáin, agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas.