17 Rinne Solamh Geizir a atógáil), Béit Horon Íochtarach,
18 agus Bálat agus Támár san fhásach in Iúdá,
19 agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach arbh áil le Solamh a thógáil in Iarúsailéim, sa Liobáin, agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas.
20 Gach ar mhair de na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh de chlann Iosrael iad;
21 a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár éirígh le clann Iosrael a chur faoin mbang; chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing daoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.
22 Ach níor chuir Solamh aon duine de mhuintir Iosrael faoi dhaoirse; iadsan a bhí aige mar shaighdiúirí, mar oifigigh, mar cheannfoirt, mar chaptaein, mar cheannairí carbad, agus mar thaoisigh marcshlua.
23 Seo iad na maoir a bhí ar na saoistí a bhí i mbun saothar Sholaimh: cúig chéad go leith i bhfeighil na ndaoine a bhí gafa leis an obair.