24 Tar éis d'iníon Fhorainn dul ó Dhúnfort Dháiví go dtí an teach a thóg Solamh di féin, ansin a thóg sé an Mileo.
25 D'ofráladh Solamh íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach trí huaire sa bhliain ar an altóir a thóg sé don Tiarna, agus dhódh sé túis don Tiarna, agus choinnigh sé slacht ar an Teampall.
26 Thóg Solamh rí cabhlach ag Eizión Geibir i gcóngar Éalat ar bhruach na Mara Rua i dtír Eadóm.
27 Don chabhlach seo chuir Híorám fir dá chuid a bhí eolgaiseach ar chúrsaí mara chun seirbhís a dhéanamh le fir Sholaimh.
28 Chuadar go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad agus fiche tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é.