1 Tar éis bháis do Iósua chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna, á fhiafraí: “Cé acu againn is túisce a rachaidh in aghaidh na gCanánach le hionsaí a dhéanamh orthu?”
2 D'fhreagair an Tiarna: “Bíodh Iúdá ar an gcéad duine a rachaidh suas; féach tá an tír tugtha ar láimh agam dó.”
3 Ansin dúirt Iúdá lena dheartháir Simeon: “Téanam liomsa isteach sa dúiche a dáileadh orm, d'fhonn go gcuirfimís cath ar na Canánaigh; rachaidh mise ansin in éineacht leatsa isteach sa dúiche a dáileadh ortsa.” Mhairseáil Simeon in éineacht leis dá bhrí sin.
4 Ghabh Iúdá suas mar sin agus thug an Tiarna na Canánaigh agus na Pirizigh ar láimh dóibh; chuireadar an ruaig ar dheich míle fear ag Beizic.
5 Tharla siad ar Adónaí Beizic i mBeizic; chuireadar cath air agus bhriseadar ar na Canánaigh agus ar na Pirizigh.
6 Theith Adónaí Beizic, ach chuadar sa tóir air, rugadar air agus bhaineadar ordóga a lámh agus a chos de.