Breithiúna 11 ABN

Iaftá

1 Gaiscíoch tréan a ba ea Iaftá an Gileádach, ach ba mhac striapaí é. Ba é Gileád athair Iaftá.

2 Bhí clann mhac ag bean Ghileád chomh maith, agus nuair a d'fhás clann a mhná, thiomáineadar Iaftá amach, agus dúradar leis: “Ní bheidh aon chuid agat i dteach ár n‑athar, mar is mac mná deoranta thú.”

3 Theith Iaftá óna bhráithre agus chuir faoi i dtír Thób. Bhailigh scraistí gan mhaith ina thimpeall agus théidís ag creachadh in éineacht leis.

4 Tar éis tamaill chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael.

5 Nuair a chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael chuaigh seanóirí Ghileád ag triall ar Iaftá chun é a bhreith leo ó thír Thób.

6 Dúradar le Iaftá: “Tar agus gabh ceannas orainn i dtreo go gcuirfimís cogadh ar na hAmónaigh.”

7 Ach dúirt Iaftá le seanóirí Ghileád: “Nach sibhse a thug fuath dom agus a thiomáin as teach m'athar amach mé? Cad a b'áil libh ag teacht chugam anois agus sibh i gcruachás?”

8 Agus dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: “Sin é díreach an fáth gur chasamar ort anois; tar linn; cuir cogadh ar na hAmónaigh agus bí i do cheann orainn, i do cheann ar a bhfuil ina gconaí i nGileád.”

9 D'fhreagair Iaftá seanóirí Ghileád: “Má thugann sibh ar ais abhaile mé le troid leis na hAmónaigh, agus go dtugann an Tiarna an lámh in uachtar dom orthu, an mbeidh mé i mo cheann oraibh?”

10 Dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: “Go raibh an Tiarna ina fhinné eadrainn! Go raibh mallacht orainn mura ndéanfaimid mar a dúirt tú!”

11 Chuir Iaftá chun bóthair dá bhrí sin le seanóirí Ghileád, agus cheap na daoine mar cheann agus mar cheannasaí orthu féin é; rinne Iaftá a choinníollacha go léir a aithris arís i Mizpeá i bhfianaise an Tiarna.

12 Ansin chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach á rá leis: “Cad é an t‑aighneas seo eadrainn a rá is gur tháinig tú chugam chun cogaidh a chur ar mo thír?”

13 D'fhreagair rí na nAmónach teachtairí Iaftá: “Mar, nuair a bhí Iosrael ag teacht as an Éigipt, ghabhadar seilbh ar mo thírse ón Arnón go dtí an Iaboc, agus go dtí an Iordáin. Tabhair ar ais é go síochánta anois, dá bhrí sin.”

14 Chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach

15 leis an bhfreagra: “Mar seo a deir Iaftá: Níor ghabh Iosrael tír Mhóab ná tír na nAmónach,

16 ach nuair a tháinig Iosrael aníos ón Éigipt, chuaigh siad tríd an bhfásach go dtí Muir na nGiolcach agus shroicheadar Cáidéis.

17 Ansin chuir Iosrael teachtairí go rí Eadóm á rá: ‘Lig dúinn gabhail trí do thír, le do thoil’; ach ní éistfeadh rí Eadóm. Chuireadar teachtairí go rí Mhóáb chomh maith, ach ní bheadh sé sásta. D'fhan Iosrael i gCáidéis dá bhrí sin.

18 Ansin ghabhadar tríd an bhfásach agus timpeall ar thír Eadóm agus ar thír Mhóáb nó go rabhadar lastoir de chríocha Mhóáb. Shuigh an pobal a longfort taobh thall den Arnón, gan dul thar theorainn Mhóáb, mar is í an Arnón féin teorainn Mhóáb.

19 Ansin chuir Iosrael teachtairí go dtí Síochon rí na nAmórach a bhí i réim i Heisbeon, agus dúirt Iosrael leis: ‘Lig dúinn, le do thoil, gabháil trí do thalamh go dtí ár dtír féin.’

20 Ach ní ligfeadh Síochon d'Iosrael gabháil trína chríocha; chruinnigh sé a mhuintir ó léir le chéile dá bhrí sin, shuíodar a longfort i Iáhaz, agus chuir sé cath ar Iosrael.

21 Thug an Tiarna Dia Iosrael Síochon agus a mhuintir go léir ar láimh d'Iosrael; bhris Iosrael orthu

22 agus ghabh seilbh ar chríocha uile na nAmórach ó Arnón go Iaboc agus ó fhásach go Iordáin.

23 Má dhíbir an Tiarna Dia Iosrael na hAmóraigh ó Arnón go Iaboc, roimh a phobal Iosrael, an ndéanfaidh do leithéidse sinn a chur as seilbh anois?

24 Nach bhfuil greim agaibh ar gach ar bhain Camóis bhur ndia dá sealbhóirí? Tá greim againne chomh maith ar gach ar bhain an Tiarna ár nDia dá sealbhóirí.

25 An fearr d'fhear thú ná Bálác mac Zipeor rí Mhóab? Ar thug seisean dúshlán Iosrael riamh? Ar chuir sé cogadh riamh orthu?

26 Fad a bhí Iosrael ag cur fúthu i Heisbeon agus ina shráidbhailte, nó in Aroéir agus ina shráidbhailte nó in aon cheann de na cathracha ar bhruach na Iordáine (ar feadh trí chéad bliain), cad ina thaobh nár ghnóthaigh sibh na háiteanna sin ar ais i gcaitheamh an ama sin?

27 Maidir liomsa, ní dhearna mé aon choir i bhur n‑aghaidh, ach tá sibhse ag déanamh éagóra orm trí bheith ag cur cogaidh orm. Tugadh an Tiarna, an breitheamh, breith inniu idir clann Iosrael agus na hAmónaigh.”

28 Níor thug rí na nAmónach aon aird ar an teachtaireacht a chuir Iaftá chuige.

Móid agus Bua Iaftá

29 Tháinig spiorad an Tiarna ar Iaftá agus ghabh sé sin trí Ghileád anonn agus trí Mhanaise gur shroich sé Mizpeá i nGileád agus ghluais sé ó Mhizpeá i nGileád ar chúl na nAmónach.

30 Agus thug Iaftá móid don Tiarna agus is é a dúirt sé: “Má thugann tú na hAmónaigh suas dom

31 is leis an Tiarna go dearfa an té is túisce a thiocfaidh i mo dháil as doirse mo thí agus mé ag casadh abhaile go caithréimeach tar éis cath a chur ar na hAmónaigh agus déanfaidh mé an duine sin a ofráil ina íobairt uileloiscthe.”

32 Ghabh Iaftá sall chun catha in aghaidh na nAmónach mar sin agus thug an Tiarna isteach ina láimh iad.

33 Rinne sé iad a chiapadh ó Aroéir geall leis go Minít (fiche cathair) agus go hÁbael Carámaím gur chuir a n‑ár agus a n‑eirleach i dtreo gur cloíodh na hAmónaigh ag clann Iosrael.

34 Tháinig Iaftá ar ais chun a thí féin i Mizpeá ansin agus féach, tháinig a iníon amach ina dháil le ceol tiompán agus le rince. Ba í a leanbh aonair í, mar ní raibh mac ná iníon aige ach ise amháin.

35 Nuair a chonaic sé í stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “Uch, a iníon ó, cad é mar bhrón a chuireann tú orm! Mo mhairg gur thusa is cúis le mo chumha. Óir thug mé gealltanas don Tiarna agus ní thig liom dul siar ar mo mhóid.”

36 Agus dúirt sise leis: “A athair, má thug tú gealltanas don Tiarna, déan de réir na móide a rinne tú, ó d'imir an Tiarna díoltas thar do cheann ar do naimhde, ar na hAmónaigh.”

37 Lean sí uirthi agus dúirt lena hathair: “Déantar an méid seo ar mo shonsa: lig dom imeacht uait agus dhá mhí a chaitheamh ar na sléibhte chun go gcaoinfidh mé m'óghacht i bhfochair mo chompánach.”

38 D'fhreagair seisean: “Imigh leat,” agus lig sé uaidh í go ceann dhá mhí. D'imigh sí mar sin, í féin agus a compánaigh, agus chaoin sí a hóghacht ar na sléibhte.

39 Agus i gceann dhá mhí, tháinig sí ar ais chun a hathar agus rinne seisean léi de réir na móide a bhí tugtha aige. Níor chuir sí aithne riamh ar fhear. Rinne nós de in Iosrael

40 go dtéadh cailíní óga Iosrael gach bliain chun iníon Iaftá, an Gileádach, a chaoineadh ar an sliabh ar feadh ceithre lá sa bhliain.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21