Breithiúna 15 ABN

Gaisce Shamsón

1 Tamaillín ina dhiaidh sin, i bhfómhar an arbhair, chuaigh Samsón ar ais ar thuairisc a mhná agus meannán aige di. “Rachaidh mé isteach ina seomra chun mo mhná,” ar sé. Ach ní ligfeadh a hathair isteach é.

2 Agus dúirt sé: “Bhí mé deimhin de go raibh tú bréan ar fad di; thug mé í do do chomrádaí dá bhrí sin. Nach dathúla an deirfiúr is óige ná í? Tóg ise ina háit, le do thoil.”

3 Dúirt Samsón leo: “Níl le déanamh agam anois chun sásamh a bhaint amach ó na Filistínigh ach díobháil a dhéanamh dóibh.”

4 D'imigh Samsón leis dá bhrí sin agus rug ar thrí chéad sionnach; fuair sé lóchrainn, chuir na sionnaigh eireaball le heireaball agus chuir lóchrann idir gach dhá eireaball.

5 Las sé na lóchrainn ansin agus scaoil leis na sionnaigh isteach i ngoirt arbhair na bhFilistíneach agus chuir idir phunanna agus arbhar gan baint trí thine, agus na fíniúna agus na crainn ológ chomh maith.

6 “Cé rinne é seo?” arsa na Filistínigh. Sé freagra a fuaireadar: “Samsón, cliamhain fhear Thimneá, mar gur thóg seisean a bhean ar ais uaidh agus gur thug í dá chomrádaí ina ionad.” Tháinig na Filistínigh aníos agus loisceadar í féin agus a [teaghlach] le tine.

7 Dúirt Samsón leo: “Más mar sin a dhéanann sibh sibh féin a iompar, ar mo leabhar nach scoirfidh mé nó go ndéanfaidh mé mé féin a agairt oraibh.”

8 Ansin thug sé fúthu ó thalamh agus thug ár agus eirleach orthu; síos leis ansin chun na pluaise i gCarraig Éatám agus d'fhan ansiúd.

9 Tháinig na Filistínigh aníos ansin agus shuíodar a longfort in Iúdá; rinneadar ionradh ar Leichí.

10 Ansin dúirt muintir Iúdá leo: “Cad a ba áil libh ag tabhairt fogha fúinne?” “Thángamar aníos,” ar siad, “chun greim a fháil ar Shamsón, agus an cor céanna a thabhairt air agus a thug seisean orainne.”

11 Ansin chuaigh trí mhíle d'fhir Iúdá síos go dtí an phluais i gCarraig Éatám, agus dúradar le Samsón: “Nach bhfuil fhios agat go bhfuil na Filistínigh i gceannas orainn? Cad é seo, más ea, atá déanta agat orainn?” Dúirt sé leo: “Thug mé an cor céanna orthu agus a thug siadsan ormsa.”

12 Agus dúradar leis: “Thángamar anuas chun tú a chur i gcuibhreacha agus tú a thabhairt ar láimh do na Filistínigh.” Dúirt sé leo: “Tugaigí mionn nach maróidh sibh féin mé.”

13 D'fhreagair siad: “Ní mharóimid; níl uainn ach thú a chur i gcuibhreacha agus a thabhairt suas dóibh; ní baol go maróimidne thú.” Cheanglaíodar é le dhá théad nua, agus thug siad aníos ón gCarraig é.

14 Ag teacht i gcongar Leichí dó, rith na Filistínigh chuige agus na gártha maíte á gcur suas acu; ach tháinig spiorad an Tiarna go tréan airsean, agus rinne mar a bheadh snáithe dóite lín de na téada a bhí ar a ghéaga, agus leáigh na cuibhreacha dá lámha.

15 Tharla cnámh géill úr asail ansiúd dó; shín sé a lámh agus rug greim air, agus leag míle fear ar lár leis.

16 Ansin dúirt Samsón:“Le cnámh géill asail rinne mé iad a phleancadh,Le cnámh géill asail rinne mé míle fear a threascairt.”

17 Nuair a bhí sin ráite aige, chaith sé uaidh an chnámh, agus sin é an fáth ar tugadh Rámat Leichí (Cnoc an Chnámh Géill) ar an áit.

18 Bhí an-tart air, agus ghlaoigh sé ar an Tiarna agus dúirt leis: “Tusa féin a dheonaigh an fhuascailt iontach seo trí láimh do shearbhónta; an bás de thart atá i ndán dom anois agus titim isteach i lámha na muintire gan timpeallghearradh?”

19 Ansin chuir an Tiarna scoilt sa log sa talamh ansiúd i Leichí, agus tháinig uisce as. D'ól Samsón, d'fhill a mhisneach air, agus tháinig neart arís ann. Tugadh Éan Hacórae ar an tobar sin dá bharrsan; tá sé ansiúd i Leichí go dtí an lá seo féin.

20 Bhí Samsón ina bhreitheamh in Iosrael le linn na bhFilistíneach ar feadh fiche bliain.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21