1 Thionóil clann Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, agus tír Ghileád, agus chruinnigh an chuallacht go léir mar aon chun an Tiarna i Mizpeá.
2 Taoisigh an phobail ar fad, agus treibheanna Iosrael go léir, ceithre chéad míle troitheach a láimhseálfadh claíomh, thángadar chun an tionóil seo de phobal Dé.
3 (Chuala clann Bhiniáimin go raibh pobal Iosrael imithe suas go Mizpeá.) Dúirt pobal Iosrael: “Inis dúinn conas a rinneadh an choir seo.”
4 D'fhreagair an Léivíteach, fear na mná a maraíodh, agus dúirt leo: “Tháinig mé féin agus mo bhean luí go Gibeá, a bhaineann le Biniáimin, chun an oíche a chaitheamh ann.
5 D'éirigh fir Ghibeá i mo choinne; thimpeallaíodar an teach ina raibh mé san oíche; bhí fonn mo mharaithe orthu, agus d'éigníodar mo bhean luí agus fuair sí bás.
6 Thug mé liom mo bhean luí ansin agus ghearr ina piosaí í agus chuir í ar fud fearann oidhreachta Iosrael go léir, mar go bhfuil coir ghrainiúil náireach déanta ag na fir úd in Iosrael.
7 Sibhse go léir cruinnithe anseo, a phobal Iosrael, tugaigí bhur mbreith agus cinnigí bhur gcomhairle ar an toirt.”
8 D'éirigh an pobal go léir ina seasamh le chéile agus dúradar: “Ní rachaidh aon duine againn ar ais go dtí a bhoth, ná ní fhillfidh aon duine againn ar a bhaile.
9 Mar seo a dhéanfaimid le Gibeá: Beidh crannchur againn ina thaobh;
10 toghfaimid deichniúr as gach céad as gach treibh d'Iosrael, agus céad as gach míle, agus míle as gach deich míle, chun lón a sholáthar don phobal, [dóibh siúd a rachaidh agus] díoltas a imirt ar Ghibeá le Biniáimin ar son na coire náirí go léir a rinneadar in Iosrael.”
11 Tháinig fir Iosrael go léir le chéile bonn ar bhonn i gcoinne na cathrach sin.
12 Chuir treibheanna Iosrael teachtairí ar fud treibh uile Bhiniáimin á rá: “Cad é an choir í seo atá déanta in bhur measc?
13 Tugaigí suas na fir úd, na scraistí i nGibeá, d'fhonn go gcuirfimis chun báis iad, agus an t‑olc a dhíbirt as Iosrael.” Ach ní éisteodh muintir Bhiniáimin le glór a mbráithre, clann Iosrael.
14 Chruinnigh na Biniáiminigh le chéile as a gcathracha go Gibeá chun catha a chur ar chlann Iosrael.
15 Thionóil na Biniáiminigh as a gcathracha ar an lá sin, fiche sé míle duine a láimhseálfadh claíomh, seachas áitritheoirí Ghibeá (a chruinnigh seacht gcéad laoch tofa).
16 Bhí orthusan seacht gcéad laoch, ar comhdheas acu deas agus clé, a bhféadfadh gach fear díobh cloch a chaitheamh as a chrann tabhaill le ribe gan iomrall.
17 Ba é líon chlann Iosrael a thionóil, seachas Biniáimin, ceithre chéad míle fear a láimhseálfadh claíomh; trodairí le taithí iad go léir.
18 Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: “Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?” D'fhreagair an Tiarna: “Téadh Iúdá suas ar dtús.”
19 Ghabh clann Iosrael amach ar maidin agus shuíodar a gcampa os comhair Ghibeá.
20 Chuaigh slua Iosrael ar aghaidh ansin le cath a chur ar Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar ina gcoinne láimh le Gibeá.
21 Rinne clann Bhiniáimin ruathar ó Ghibeá agus leag ar lár dhá mhíle fichead de shlua Iosrael an lá sin.
22 D'imigh clann Iosrael agus rinne olagón i bhfianaise an Tiarna go tráthnóna; ansin chuaigh siad i gcomhairle leis an Tiarna; d'fhiafraíodar: “An rachaimid chun cogaidh arís le clann ár ndearthár, Biniáimin?” D'fhreagair an Tiarna: “Téigí ar aghaidh ina gcoinne.”
23 Tháinig misneach arís chun arm Iosrael agus chóiríodar iad féin in eagar arís san áit chéanna ina ndearnadar an lá roimhe sin.
24 Thug clann Iosrael fogha faoi chlann Bhiniáimin an dara lá;
25 ach thug Biniáimin ruathar fúthu as Gibeá arís an dara lá agus leag ar lár ocht míle déag de chlann Iosrael; ba throdairí le taithí ar chlaíomh a láimhseáil na fir sin go léir.
26 Ansin ghabh clann Iosrael go léir, an t‑arm ar fad, suas go Béitéil agus rinneadar olagón. Shuíodar ansiúd i bhfianaise an Tiarna agus rinneadar troscadh ar feadh an lae go léir go tráthnóna agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i bhfianaise an Tiarna.
27 Ansin chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna. Bhí áirc chonradh Dé ansiúd an t‑am sin,
28 agus bhí Píneachás mac Eileázár, mac Árón, ag fónamh di an uair sin. D'fhiafraíodar: “Ar chóir dúinn dul chun catha arís in aghaidh ar mbráithre, clann Bhiniáimin, nó gan dul?” D'fhreagair an Tiarna: “Téigh ina gcoinne; óir tabharfaidh mé an lámh uachtair duit orthu amárach.”
29 Chuir Iosrael fir i luíochán timpeall ar Ghibeá.
30 Ar an tríú lá ghluais clann Iosrael in aghaidh chlann Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar os comhair Ghibeá dála na n‑uaireanta eile.
31 Rinne clann Bhiniáimin ruathar in aghaidh an tslua agus mealladh ón gcathair iad. Chromadar ansin ar chuid den mhuintir a bhí ar na bóithre suas go Béitéil agus go Gibeón a threascairt agus a mharú dála na n‑uaireanta eile; mharaíodar ansiúd, amuigh faoin tuath, timpeall deichniúr ar fhichid d'arm Iosrael.
32 Dúirt clann Bhiniáimin leo féin: “Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn, mar a rinneadar cheana.” Ach sé dúirt arm Iosrael: “Teithimis rompu, agus meallaimis ón gcathair iad ar feadh na mbóithre.
33 Ansin fágfaidh arm Iosrael a láithreacha agus cóireoidh siad iad féin in eagar catha ag Bál Támár; idir an dá linn, déanfaidh na hIosraelaigh atá i luíochán lastiar de Gheaba ruathar.”
34 Deich míle fear, tofa as Iosrael go léir, d'ionsaíodar Gibeá, agus ba dhian é an cath a fearadh. Ní raibh a fhios ag clann Bhiniáimin cén tubaiste a bhí ag bagairt orthu.
35 Chuir an Tiarna Biniáimin i raon madhma roimh Iosrael, agus ar an lá sin mharaigh clann Iosrael fiche cúig mhíle agus céad fear de Bhiniáimin; fir a d'fhéad claíomh a láimhseáil iad go léir.
36 Thuig clann Bhiniáimin ansin go raibh buaite orthu.Chuaigh arm Iosrael ar gcúl roimh Bhiniáimin mar go raibh muinín acu as an dream a bhí curtha i luíochán acu in aghaidh Ghibeá.
37 Bhrúcht an lucht luíocháin amach go tapa, agus thugadar faoi Ghibeá, agus d'imríodar faobhar claímh ar lucht na cathrach go léir.
38 Ba é an comhartha a bhí socair idir arm Iosrael agus an lucht luíocháin, go gcuirfidís scamall mór deataigh suas ón gcathair,
39 agus go gcasfadh clann Iosrael a bheadh i lár an chatha ar a sála. Thosaigh Biniáimin ar dtús le timpeall deichniúr ar fhichid de chlann Iosrael a mharú; dúradar leo féin: “Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn mar a rinneadar cheana, tá siad sin.”
40 Ach nuair a thosaigh an comhartha, an scamall deataigh, ag éirí ón gcathair, d'fhéach Biniáimin siar agus chonaic siad an chathair ar fad ag dul in airde mar uileloscadh chun na bhflaitheas.
41 Ansin chas arm Iosrael ar a sála agus thit an lug ar an lag ag arm Bhiniáimin, mar chonaiceadar go raibh an tubaiste sa mhullach orthu.
42 Chúlaíodar os comhair arm Iosrael agus thugadar aghaidh ar an bhfásach, ach chuaigh an t‑arm sa tóir orthu; tháinig an dream eile as an gcathair agus thug fúthu gan choinne agus rinne ár orthu i leith a gcúil.
43 Thimpeallaíodar Biniáimin; rinneadar tóir gan taise gan trócaire orthu, agus bhascadar iad lastoir os comhair Gheaba.
44 Thit ocht míle dhéag de Bhiniáimin, laochra cróga iad uile.
45 Chas an fuílleach agus theitheadar i dtreo an fhásaigh agus Charraig Rimeon. Treascraíodh cúig mhíle fear díobh ar na bóithre, agus ansin cuireadh tóir orthu go Geaba agus maraíodh dhá mhíle díobh.
46 Maraíodh ar fad an lá úd fiche cúig mhíle fear de Bhiniáimin a d'fhéadfadh claíomh a láimhseáil, laochra cróga iad uile.
47 Ach d'éalaigh sé chéad fear chun an fhásaigh, go Carraig Rimeon, agus d'fhanadar ansiúd ar feadh ceithre mhí.
48 D'fhill fir Iosrael agus thug faoi chlann Bhiniáimin arís agus d'imir faobhar claímh orthu, idir fhear agus ainmhí, agus gach a bhfuaireadar; chuireadar gach baile dar ghabhadar i mBiniáimin trí thine.