Breithiúna 4 ABN

Deabórá agus Bárác

1 Nuair a d'éag Éahúd, chrom clann Iosrael arís ar an olc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna.

2 Thug an Tiarna ar láimh iad do Iábaín rí Chanán a bhí i réim i Házór. Ba é Síseará a cheannaire airm, agus bhí cónaí airsean i Haroisit-ha-Góím.

3 Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna teacht i gcabhair orthu, mar bhí naoi gcéad carbad iarainn ag Iábaín agus rinne sé géarleanúint dhian ar chlann Iosrael ar feadh fiche bliain.

4 Faoin am seo bhí Deabórá banfháidh, céile Laipídeot, ina breitheamh in Iosrael.

5 Shuíodh sí faoi phailm Dheabórá idir Rámá agus Béitéil in ardáin Eafráim agus thagadh clann Iosrael chuici chun a gcaingne a réiteach.

6 Chuir sí fios ar Bhárác mac Aibíonoam ó Cheidis i Naftáilí agus dúirt leis: “Seo é ordú an Tiarna Dia Iosrael duit: ‘Tionóil do chuid fear ag Sliabh Tábór agus beir leat fiche míle as treibh Naftáilí agus as treibh Zabúlun.

7 Déanfaidh mise Síseará ceann feadhna arm Iábaín a mhealladh amach i d'aghaidh ar bhruach abhann Chiseon lenaa charbaid agus lena shluaite, agus tabharfaidh mé ar láimh duit é.’ ”

8 D'fhreagair Bárác í: “Má théann tusa liom, rachaidh mé; mura dtéann tú liom, ní rachaidh mé [mar nach eol dom conas an lá a thoghadh ar a dtabharfadh aingeal an Tiarna an bua dom].”

9 “Rachaidh mé leat, más ea,” ar sí, “ach ón tslí ina bhfuil tú ag dul ina bhun, ní hé do ghlóirse a thiocfaidh as, óir tabharfaidh an Tiarna an lámh in uachtar ar Shíseará do bhean.” Ansin d'éirigh Deabórá ina seasamh agus d'imigh go Ceidis i dteannta Bhárác.

10 Thionóil Bárác Zabúlun agus Naftáilí go Ceidis; lean deich míle fear ar a shála agus gabh Deabórá ina theannta.

11 Bhí scartha ag Heibir an Céineach leis na Céinigh, sliocht Hobab, athair céile Mhaois; bhí a bhoth curtha suas aige ag Dair Zánanaím i gcóngar Cheidis.

12 Nuair a chuala Síseará go raibh a champa ag Bárác mac Aibíonoam ar Shliabh Tábór,

13 chuir sé fios ar a charbaid go léir - naoi gcéad carbad iarainn, agus ar na sluaite go léir a bhí aige, ó Haroisit-ha-Góím go bruach Chiseon.

14 Dúirt Deabórá le Bárác: “Bí i do shuí! Óir seo é an lá ina bhfuil an Tiarna ag tabhairt an lámh in uachtar duit ar Shíseará! Nach bhfuil an Tiarna ag gabháil romhat amach?” Síos le fána Shliabh Tábór le Bárác de ruathar agus deich míle fear ar a shála.

15 Chuir an Tiarna an teitheadh ar Shíseará agus ar a charbaid agus ar a shluaite go léir le faobhar claímh roimh ionsaí Bhárác. Phreab Síseará anuas dá charbad agus theith sé de chois.

16 Lean Bárác sa tóir ar na carbaid agus ar na sluaite go Haroisit-ha-Góím; thit arm Shíseará go léir de rinn claímh; níor fagadh fear inste scéil.

17 Theith Síseará de chois go both Iáéil, bean Heibir an Céineach, óir bhí síocháin idir Iábaín rí Házór agus Heibir an Céineach.

18 Tháinig Iáéil amach i gcoinne Shíseará agus dúirt leis: “Tar anseo, a thiarna, agus fan anseo faramsa; ná bíodh eagla ort.” D'fhan sé ina both dá bhrí sin agus chludaigh sí é le súsa.

19 Dúirt sé léi: “Tabhair dom deoch bheag uisce le do thoil mar tá tart orm.” D'oscail sí seithe bainne dá bhrí sin, thug deoch dó agus chlúdaigh arís é.

20 Ansin dúirt sé léi: “Seas ag béal na botha agus má thagann aon duine agus ceist a chur ort: ‘An bhfuil aon duine anseo?’ abair: ‘Níl.’ ”

21 Ach rug Iáéil bean Heibir ar phionna botha, thóg tuairgnín ina láimh, agus dhruid leis go socair; thiomáin sí an pionna isteach ina uisinn go ndeachaigh sé i dtalamh agus é ina luí ansiúd ina chodladh de bharr a thuirse. Sin mar a d'éag sé.

22 Tháinig Bárác ansin agus é sa tóir ar Shíseará. Chuaigh Iáéil amach ina choinne agus dúirt leis: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an fear atá uait.” Chuaigh sé isteach ina both dá bhrí sin; bhí Síseará ina luí ansiúd marbh agus an pionna botha ina uisinn.

23 Threascair an Tiarna Iábaín rí Chanán os comhair chlann Iosrael an lá sin.

24 Luigh clann Iosrael níos troime agus níos troime ar Iábaín rí Chanán go dtí gur scriosadar Iábaín rí Chanán.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21