Breithiúna 17 ABN

Sanctóir Mhíceá

1 In ardáin Eafráim bhí fear darbh ainm Míceáhú.

2 Dúirt sé lena mháthair: “An t‑aon chéad déag seicil a tógadh uait agus a ndearna tú mallacht fúthu agus ar lean tú ort ina dtaobh - rud a chuala mé le mo chluasa cinn féin -

3 fógraím go sollúnta go ndéanfaidh mé an t‑airgead seo a choisreacan de mo dheoin don Tiarna chun íomhá ghreanta (agus íol de mhiotal leáite) a dhéanamh - tá an t‑airgead geal sin agamsa; mise an té a thóg é; tugaim ar ais anois duit é.” D'fhreagair a mháthair: “Go mbeannaí an Tiarna mo mhac!” agus thug Míceáhú an t‑aon chéad déag seicil ar ais di.

4 Ansin thóg a mháthair an t‑aon chéad déag seicil airgid agus thug sí don ghabha geal é, agus rinne seisean íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) de, agus cuireadh i dteach Mhíceáhú í.

5 Rinne Míceá scrín di, agus éafód agus taráfaím, agus cheap sé mac leis le bheith mar shagart aige.

6 Sna laethanta sin ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach duine mar ba rogha leis.

7 Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta.

8 D'fhág an fear seo Beithil in Iúdá ag lorg áit chónaithe. Ar a shiúlta tháinig sé go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá.

9 D'fhiafraigh Míceá de: “Cá has a dtagann tú?” D'fhreagair seisean: “Léivíteach mé as Beithil in Iúdá. Táim ag imeacht romham agus ag lorg áit ina bhféadfainn cur fúm.”

10 Dúirt Míceá leis: “Fan anseo liomsa; bí i d'athair agus i do shagart agam, agus tabharfaidh mé deich seicil sa bhliain duit, agus bia agus éadach,” agus thathain sé go dian ar an Léivíteach.

11 D'aontaigh an Léivíteach fanacht i dteach an fhir, agus bhí an t‑ógánach aige mar mhac leis féin.

12 Chuir Míceá an Léivíteach i mbun a chúraim; rinneadh sagart do Mhíceá den fhear óg agus d'fhan sé ina theach.

13 Dúirt Míceá: “Tá a fhios agam go mbeidh rath ón Tiarna orm anois mar go bhfuil an Léivíteach seo mar shagart agam.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21