10 Agus d'ionsaigh Iúdá na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Heabrón - Ciriat Arba a ba ainm do Heabrón anallód - agus chloíodar Séisí agus Aichímeán agus Talmai.
11 Ghabhadar as sin ar aghaidh i gcoinne mhuintir Dheibír - Ciriat Seifir a thugtaí ar Dheibír roimhe sin.
12 Dúirt Cálaeb: “An té a dhéanfaidh Ciriat Seifir a ionsaí agus a ghabháil, tabharfaidh mé Acsá m'iníon mar bhean dó.”
13 Agus ba é Oitníéil mac Canoz, deartháir a ba óige ná Iósua, a ghabh é agus thug sé dó Acsá a iníon mar bhean.
14 Nuair a tháinig sí chuige, thathain [sé uirthi] gort a lorg ar a hathair. Phreab sí anuas dá hasal agus d'fhiafraigh Cálaeb di: “Cad tá uait?”
15 “Tabhair aisce dom; os rud é gur dhíbir tú mé go dúiche an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce freisin,” ar sí leis. Agus thug Cálaeb di na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha.
16 Ghabh clann Hobab an Céineach, athair céile Mhaois, suas le clann Iúdá ó chathair na bPailmeacha go fásach Iúdá sa Neigib i gcóngar Arád, ach d'imíodar agus chuireadar fúthu leis [na hAmailéicigh].