23 Rinne teaghlach Iósaef Béitéil a thaiscéaladh - Lúz a thugtaí ar an gcathair roimhe sin.
24 Chonaic an lucht taiscéalta fear ag teacht amach ón gcathair. “Má thaispeánann tú an tslí isteach sa chathair dúinn,” ar siad leis, “déanfaimid anacal anama ort.”
25 Agus thaispeáin sé an tslí isteach sa chathair dóibh agus d'imríodar faobhar claímh ar mhuintir na cathrach, ach ligeadar don fhear agus dá chlann go léir imeacht.
26 D'imigh an fear úd leis go críocha na Hiteach agus bhunaigh sé cathair ar ar thug sé Lúz; sin é is ainm di go dtí an lá inniu.
27 Níor dhíbir Manaise lucht Bhéit Seán lena shráidbhailte, ná lucht Thánác lena shráidbhailte, na lucht Dhór lena shráidbhailte, ná lucht Ibleam lena shraidbhailte, na lucht Mhigideo lena shráidbhailte, ach sheas na Canánaigh an fód sna líomatáistí sin.
28 Nuair a chuaigh na hIosraelaigh i dtreise, chuireadar cuing na daoirse ar na Canánaigh, ach níor chuireadar an ruaig orthu.
29 Ná níor dhíbir Eafráim na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir, ach mhair na Canánaigh i nGeizir ina measc.