3 Ansin dúirt Iúdá lena dheartháir Simeon: “Téanam liomsa isteach sa dúiche a dáileadh orm, d'fhonn go gcuirfimís cath ar na Canánaigh; rachaidh mise ansin in éineacht leatsa isteach sa dúiche a dáileadh ortsa.” Mhairseáil Simeon in éineacht leis dá bhrí sin.
4 Ghabh Iúdá suas mar sin agus thug an Tiarna na Canánaigh agus na Pirizigh ar láimh dóibh; chuireadar an ruaig ar dheich míle fear ag Beizic.
5 Tharla siad ar Adónaí Beizic i mBeizic; chuireadar cath air agus bhriseadar ar na Canánaigh agus ar na Pirizigh.
6 Theith Adónaí Beizic, ach chuadar sa tóir air, rugadar air agus bhaineadar ordóga a lámh agus a chos de.
7 Ansin dúirt Adónaí Beizic: “Deichniúr rí agus trí fichid, agus ordóga lámh agus a gcos gearrtha díobh, bhídís faoi mo bhord ag bailiú bruscair an bhia; chúitigh Dia liomsa de réir mar a rinne mé le daoine eile.” Tugadh go Iarúsailéim é, agus fuair sé bás ansiúd.
8 (Thug clann Iúdá faoi Iarúsailéim agus ghabhadar é. Chuir siad muintir na cathrach chun báis agus an chathair trí thine.)
9 Ina dhiaidh sin ghabh clann Iúdá síos chun catha a chur ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu sna hardáin, sa Neigib agus sna hísleáin.