6 Theith Adónaí Beizic, ach chuadar sa tóir air, rugadar air agus bhaineadar ordóga a lámh agus a chos de.
7 Ansin dúirt Adónaí Beizic: “Deichniúr rí agus trí fichid, agus ordóga lámh agus a gcos gearrtha díobh, bhídís faoi mo bhord ag bailiú bruscair an bhia; chúitigh Dia liomsa de réir mar a rinne mé le daoine eile.” Tugadh go Iarúsailéim é, agus fuair sé bás ansiúd.
8 (Thug clann Iúdá faoi Iarúsailéim agus ghabhadar é. Chuir siad muintir na cathrach chun báis agus an chathair trí thine.)
9 Ina dhiaidh sin ghabh clann Iúdá síos chun catha a chur ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu sna hardáin, sa Neigib agus sna hísleáin.
10 Agus d'ionsaigh Iúdá na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Heabrón - Ciriat Arba a ba ainm do Heabrón anallód - agus chloíodar Séisí agus Aichímeán agus Talmai.
11 Ghabhadar as sin ar aghaidh i gcoinne mhuintir Dheibír - Ciriat Seifir a thugtaí ar Dheibír roimhe sin.
12 Dúirt Cálaeb: “An té a dhéanfaidh Ciriat Seifir a ionsaí agus a ghabháil, tabharfaidh mé Acsá m'iníon mar bhean dó.”