1 Tar éis Aibímeilic, d'éirigh Tólá mac Phúá mac Dhódó, chun Iosrael a fhuascailt. Ba de threibh Íosácár é agus bhí cónaí air i Seámaír i sléibhte Eafráim.
2 Ba bhreitheamh in Iosrael é ar feadh trí bliana fichead; d'éag sé ansin agus cuireadh é i Seámaír.
3 Ina dhiaidhsean, d'eirigh Iáír ó Ghileád, agus ba bhreitheamh in Iosrael é ar feadh dhá bhliain fhichead.
4 Bhí deich mac fichead aige a dhéanadh marcaíocht ar dheich n‑asal fichead; bhí deich gcathair fichead acu ar a dtugtar Longfoirt Iáír go dtí an lá inniu; tá siad i dtír Ghileád.
5 D'eag Iáír agus cuireadh é i gCámón.