Breithiúna 12:1-7 ABN

1 Tionóladh fir Eafráim, agus chuadar sall i dtreo Záfón, agus dúradar le Iaftá: “Cén fáth a ndeachaigh tú sall chun catha leis na hAmónaigh gan a iarraidh orainne dul leat? Cuirfimid do theach trí thine ar do mhullach.”

2 D'fhreagair Iaftá iad: “Bhí brú mór orm féin agus ar mo mhuintir; bhí na hAmónaigh ag luí go crua orainn. Ghlaoigh mé oraibh teacht, ach níor fhuascail sibh mé as a lámha.

3 Nuair a chonaic mé nach dtiocfadh sibh i gcabhair orm, chuir mé m'anam i bhfiontar agus chuir mé chun bóthair in aghaidh na nAmónach, agus thug an Tiarna ar láimh dom iad. Cén fáth a bhfuil sibhse ag teacht inniu chun cogadh a chur orm?”

4 Ansin chruinnigh Iaftá sluaite Ghileád go léir agus chuir cath ar Eafráim, agus chuir sluaite Ghileád an teitheadh ar Eafráim mar go raibh siadsan á rá: “Níl ionaibh ach lucht tréigthe Eafráim, a Ghileádacha, i lár Eafráim agus Mhanaise!”

5 Ghabh na Gileádaigh áthanna na Iordáine ar na hEafráimigh. Ansin nuair a deireadh aon teifeach ó Eafráim: “Scaoil anonn mé!” deireadh fir Ghileád: “An as Eafráim duit?” Nuair a deireadh sé: “Ní hea,”

6 deiridís leis: “Abair sibolet más ea,” agus deireadh sé: “Suibolet,” mar nach bhfeadfadh sé an focal a fhoghrú i gceart. Ansin ghabhaidís é agus chuiridís chun báis é ag áthanna na Iordáine. Cailleadh dhá mhile agus daichead d'fhir Eafráim an uair sin.

7 Bhí Iaftá ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh sé bliana. Ansin d'éag Iaftá an Gileádach agus adhlacadh é ina chathair féin, Mizpeá i nGileád.