12 Ansin d'éag Éalón as Zabúlun agus adhlacadh é in [Éalón] i dtír Zabúlun.
13 Bhí Abdón mac Hilléil ó Phireátón ina bhreitheamh ina dhiaidh.
14 Bhí daichead mac agus tríocha mac mic aige agus dhéanaidís marcaíocht ar seachtó asal. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh ocht mbliana.
15 Ansin d'éag Abdón mac Hilléil agus adhlacadh é i bPireátón i dtír Eafráim in ardáin na nAmailéiceach.