6 deiridís leis: “Abair sibolet más ea,” agus deireadh sé: “Suibolet,” mar nach bhfeadfadh sé an focal a fhoghrú i gceart. Ansin ghabhaidís é agus chuiridís chun báis é ag áthanna na Iordáine. Cailleadh dhá mhile agus daichead d'fhir Eafráim an uair sin.
7 Bhí Iaftá ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh sé bliana. Ansin d'éag Iaftá an Gileádach agus adhlacadh é ina chathair féin, Mizpeá i nGileád.
8 Ina dhiaidhsean bhí Ibzeán ó Bheithil ina bhreitheamh in Iosrael.
9 Bhí deichniúr is fiche mac aige agus deichniúr agus fiche iníon. Thug sé a iníonacha le pósadh lasmuigh dá fhine, agus thug deichniúr is fiche brídeog isteach chun a chlann mhac. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh seacht mbliana.
10 Ansin fuair Ibzeán bás agus adhlacadh é i mBeithil.
11 Bhí Éalón as Zabúlun ina bhreitheamh in Iosrael ina dhiaidh. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh deich mbliana.
12 Ansin d'éag Éalón as Zabúlun agus adhlacadh é in [Éalón] i dtír Zabúlun.