13 Agus dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: “Na nithe a choisc mé ar an mbean seo, seachnaíodh [seisean] chomh maith.
14 Ná blaiseadh [sé] aon ní de thoradh na fíniúna, agus ná hóladh sé aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hitheadh sé aon ní neamhghlan; déanadh sé de réir na n‑orduithe go léir a thug mé don bhean seo.”
15 Dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: “Fan farainn, le do thoil, nó go n‑ullmhóimid meannán duit,”
16 mar nach raibh a fhios ag Mánóach gurbh é aingeal an Tiarna é. Dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: “Fiú amháin má fhanaim faraibh, ní íosfaidh mé bhur mbia; ach más mian libh íobairt uileloiscthe a dhéanamh, ofráil í don Tiarna.”
17 Ansin dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: “Cad is ainm duit, i dtreo go dtabharfaimís ómós duit nuair a chomhlíonfar do bhriathra?”
18 D'fhreagair aingeal an Tiarna é: “Cad a ba áil leat ag fiafraí m'ainm díom, mar is iontach é.”
19 Ansin thóg Mánóach an meannán leis an abhlann agus d'ofráil é mar uileloscadh ar an gcarraig don Tiarna, an té a dhéanann iontais a chur i gcrích.