19 Ansin thóg Mánóach an meannán leis an abhlann agus d'ofráil é mar uileloscadh ar an gcarraig don Tiarna, an té a dhéanann iontais a chur i gcrích.
20 Nuair a bhí an bhladhm ag dul in airde chun na bhflaitheas ón altóir, ghabh aingeal an Tiarna suas i lasracha na haltóra os comhair súl Mhánóach agus a mhná, agus thiteadar ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh.
21 Níor thaispeáin aingeal an Tiarna é féin a thuilleadh do Mhánóach agus dá bhean; thuig Mánóach as sin gurbh é aingeal an Tiarna a bhí ann.
22 Ansin dúirt Mánóach lena bhean: “Gheobhaimid bás, gheobhaimid, mar chonaiceamar Dia.”
23 Ach dúirt a bhean leis: ‘Dá mba mhian leis an Tiarna sinn a chur chun báis, ní ghlacfadh sé íobairt uileloiscthe ná abhlann ónár lámha, ní thaispeánfadh sé na nithe seo go léir dúinn, ná ní inseodh sé a leithéidí seo dúinn.”
24 Rug an bhean mac agus thug sí Samsón air. D'fhás an leanbh, agus chuir an Tiarna a bheannacht air,
25 agus thosaigh spiorad an Tiarna ar é a spreagadh i Longfort Dhán idir Zorá agus Eisteáól.