9 D'éist an Tiarna le glór Mhánóach agus tháinig aingeal Dé arís chun na mná agus í ina suí sa ghort, gan Mánóach a céile ina teannta.
10 Rith sí le teann deabhaidh agus dúirt lena fear: “Féach, an fear a tháinig chugam an lá eile, thaibhsigh sé arís dom.”
11 D'éirigh Mánóach agus lean a bhean agus tháinig chun an fhir agus dúirt leis: “An tú an té a labhair leis an mbean seo?” “Is mé,” ar sé.
12 Ansin dúirt Mánóach: “Anois, nuair a chomhlíonfar do bhriathra, cén sort riail bheatha a bheidh ag an ógánach agus conas a dhéanfaidh sé é féin a iompar?”
13 Agus dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: “Na nithe a choisc mé ar an mbean seo, seachnaíodh [seisean] chomh maith.
14 Ná blaiseadh [sé] aon ní de thoradh na fíniúna, agus ná hóladh sé aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hitheadh sé aon ní neamhghlan; déanadh sé de réir na n‑orduithe go léir a thug mé don bhean seo.”
15 Dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: “Fan farainn, le do thoil, nó go n‑ullmhóimid meannán duit,”