2 D'fhill sé ar ais ansin agus d'inis é sin dá athair agus dá mháthair. “Chonaic mé,” ar sé, “ceann d'iníonacha na bhFilistíneach i dTimneá. Faighigí dom í le bheith mar bhean agam.”
3 Dúirt a athair agus a mháthair leis: “An bhfuil aon bhean ar iníonacha do ghaolta, nó do chine go léir, a rá is go gcaitheann tú dul agus bean a fhail i measc na bhFilistíneach gan timpeallghearradh?” D'fhreagair Samsón a athair: “Faigh í seo dom, faigh sin! Mar taitníonn sí go mór liom.”
4 Ní raibh a fhios ag a athair ná ag a mháthair gur ón Tiarna a tháinig sé sin go léir; óir bhí seisean ag lorg iarraim cúis chugat chun na bhFilistíneach, mar bhí na Filistínigh i gceannas ar Iosrael an t‑am úd.
5 Chuaigh Samsón síos go Timneá ansin (lena athair agus lena mháthair). Ag druidim le fíonghoirt Thimneá dó, chonaic sé leon óg ag teacht faoina dhéin agus é ag glamaíl.
6 Tháinig spiorad an Tiarna go tréan air agus stoll sé an leon ó chéile mar a dhéanfadh duine le meannán; ach níor inis sé dá athair ná dá mháthair céard a rinne sé.
7 Ghabh sé síos ansin agus labhair sé leis an mbean agus thaitin sí go mór leis.
8 D'fhill Samsón go luath ina dhiaidh sin chun í a phósadh. Chuaigh sé i leataobh chun conablach an leoin a fheiceáil, agus, féach! bhí saithe beach i gcabhail an leoin, agus roinnt meala.