6 Tháinig spiorad an Tiarna go tréan air agus stoll sé an leon ó chéile mar a dhéanfadh duine le meannán; ach níor inis sé dá athair ná dá mháthair céard a rinne sé.
7 Ghabh sé síos ansin agus labhair sé leis an mbean agus thaitin sí go mór leis.
8 D'fhill Samsón go luath ina dhiaidh sin chun í a phósadh. Chuaigh sé i leataobh chun conablach an leoin a fheiceáil, agus, féach! bhí saithe beach i gcabhail an leoin, agus roinnt meala.
9 Scríob sé cuid den mhil amach ina láimh agus d'ith í ag gabháil an bhóthair. Nuair a d'fhill sé ar a athair agus ar a mháthair, thug sé roinnt dóibhsean freisin; d'ith siadsan leis an mhil, ach níor inis sé dóibh gur thóg sé í ó chonablach an leoin.
10 Ghabh a athair síos ansin go dtí an bhean, agus rinneadar féile do Shamsón ansiúd ar feadh seacht lá, mar ba nós le fir óga.
11 Ach nuair a fuaireadar radharc air, thoghadar deichniúr comrádaí ar fhichid chun fanacht ina theannta.
12 Ansin dúirt Samsón leo: “Cuirim tomhas chugaibh. Má bhíonn an freagra agaibh dom agus a fháil amach céard é laistigh de sheacht lá na féile, tabharfaidh mé tríocha brat de línéadach mín, agus tríocha éide aonaigh daoibh.