1 Tamaillín ina dhiaidh sin, i bhfómhar an arbhair, chuaigh Samsón ar ais ar thuairisc a mhná agus meannán aige di. “Rachaidh mé isteach ina seomra chun mo mhná,” ar sé. Ach ní ligfeadh a hathair isteach é.
2 Agus dúirt sé: “Bhí mé deimhin de go raibh tú bréan ar fad di; thug mé í do do chomrádaí dá bhrí sin. Nach dathúla an deirfiúr is óige ná í? Tóg ise ina háit, le do thoil.”
3 Dúirt Samsón leo: “Níl le déanamh agam anois chun sásamh a bhaint amach ó na Filistínigh ach díobháil a dhéanamh dóibh.”
4 D'imigh Samsón leis dá bhrí sin agus rug ar thrí chéad sionnach; fuair sé lóchrainn, chuir na sionnaigh eireaball le heireaball agus chuir lóchrann idir gach dhá eireaball.
5 Las sé na lóchrainn ansin agus scaoil leis na sionnaigh isteach i ngoirt arbhair na bhFilistíneach agus chuir idir phunanna agus arbhar gan baint trí thine, agus na fíniúna agus na crainn ológ chomh maith.
6 “Cé rinne é seo?” arsa na Filistínigh. Sé freagra a fuaireadar: “Samsón, cliamhain fhear Thimneá, mar gur thóg seisean a bhean ar ais uaidh agus gur thug í dá chomrádaí ina ionad.” Tháinig na Filistínigh aníos agus loisceadar í féin agus a [teaghlach] le tine.