1 Chuaigh Samsón as sin go Gaza; luigh a shúil ar striapach ansiúd agus chuaigh sé isteach chuici.
2 Fuair fir Ghazá an scéala: “Tá Samsón tagtha.” Thángadar timpeall na háite agus d'fhanadar i luíochán air ar feadh na hoíche go léir ag geata na cathrach. Ní raibh cor astu ar feadh na hoíche go léir, á rá leo féin: “Fanaimís go breacadh an lae; maróimid ansin é.”
3 D'fhan Samsón sa leaba, ámh, go meánoíche; d'éirigh sé ansin meánoíche, rug ar chomhlaí geataí na cathrach agus ar a dhá ursain, bhain dá lúdracha iad, boltaí agus uile, d'ardaigh ar a ghuaillí iad, agus thug leis iad go mullach an chnoic os comhair Heabrón, [agus d'fhág ansin iad].
4 Thit sé i ngrá ina dhiaidh sin le bean i nGleann Shóraec, arbh ainm di Dilíleá.
5 Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus dúirt léi: “Meall é agus faigh amach cá has a dtagann an neart éachtach atá aige, agus conas a d'fhéadfaimís é a chloí agus é a chuibhriú agus a smachtú. Tabharfaidh gach duine againn aon chéad déag seicil airgid mar dhíolaíocht duit.”
6 Dúirt Dilíleá le Samsón: “Inis dom, le do thoil, cá has a dtagann do neart éachtach, agus cad ba ghá le thú a chuibhriú agus thú a smachtú.”