Breithiúna 16:12-18 ABN

12 Ansin fuair Dilíleá téada nua agus rinne sí é a chuibhriú leo, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, ach bhris sé na téada a bhí ar a ghéaga mar a dhéanfadh snáth.

13 Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: “Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom go dtí seo. Inis dom anois cad ba ghá le tú a chuibhriú.” Dúirt sé léi: “Dá ndéanfá seacht ndual gruaige mo chinn a fhí faoin inneach agus an biorán a shocrú go daingean, chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.”

14 Chuir sí chun suain é, d'fhigh sí seacht ndual gruaige a chinn san inneach, dhaingnigh an biorán agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Dhúisigh sé as a chodladh, agus tharraing amach idir ábhar agus bhiorán.

15 Dúirt Dilíleá leis: “Conas is féidir duit a rá go bhfuil grá agat dom nuair nach bhfuil iontaoibh agat asam? Rinne tú magadh fúm anois trí huaire agus níor inis tú cá has a dtagann an neart éachtach atá agat.”

16 Lean sí uirthi go dian lá i ndiaidh an lae lena ceisteanna chuige, gan aon sos a thabhairt dó, go dtí go raibh sé bréan go bás den scéal.

17 Nocht sé a rún ar fad di faoi dheireadh; dúirt sé léi: “Níor bhain rásúr riamh le mo cheann; is naizíreach do Dhia mé ó bhroinn mo mháthar. Dá mbearrfaí mo cheann, ansin chaillfinn mo neart, d'éireoinn lag, agus bheinn mar aon fhear eile.”

18 Thuig Dilíleá ansin go raibh a rún go léir scaoilte aige léi; chuir sí fios ar thaoisigh na bhFilistíneach agus thug an teachtaireacht seo dóibh: “Tagaigí aon turas amháin eile, mar scaoil sé a rún go léir liom.” Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus an t‑airgead ina lámha.